Urnaí a d’fhoghlaim Gracie ó Mhéabha agus a huncail:
Paidir a deir sí i dtigh phobail go háirithe nuair atá an Sacraimint Rónaofa amuigh ar an altóir:
En Ego
Féach a Íosa cheannsa rómhilis,
Caithim mé fein ar mo ghlúine in do fhianaise,
Agus guím agus achainím ort le mórmhian m’anam,
Go ndaingneofá i mo chroí beo,
Smaointí creidimh, dóchais agus carthannachta,
Agus smaoiním in m’intinn féin agus meabhraím go domhain,
Le dianghrá agus le dúnbhrón m’anama,
Ar do chúig chréachta ró-lúchara,
Ag coinneáil in m’intinn na focail úd a chur Dáibhí in do bhéal fá dtaobh díot féin,
A Íosa mhaith, do pholl siad mo lámha agus mo chosa,
Do thiontaigh siad mo chnámh uilig.
Paidir i ndiadh Comaoineach
A Anam Chríost, naomhaigh mé,
A Chorp Chríost, slánaigh mé,
A Fhuil Chríost, misnigh mé,
A Uisce as taobh Chríost, nígh mé,
A Pháis Chríost, neartaigh mé,
A Íosa mhaith éist liom,
I do chréachta folaigh mé,
Ná lig dom scarúint leat.
Ar an namhaid mhallaithe cosain mé,
Ar uair mo bháis glaoigh chugat mé,
Agus iarr orm teacht chugat,
Ionas leis na Naomh go molfainn tú,
Trí shaol na saol.
Amen.
Lúireach Phádraig
Críost liom, Críost Ionam
Críost romham, Críost i mo dhiaidh,
Críost fúim, Críost os mo chionn,
Críost ar mo lámh dheis, Críost ar mo lámh chlé,
Críost i mo shuí, Críost i mo luí, Críost i m’éirí,
Críost i gcroí achan duine a smaoiníonn orm,
Críost i mbéal achan duine a labhras liom,
Críost i ngach súil a dhearcas orm,
Críost i ngach cluas a chluineas mé.
Cinn ghairide:
Roimh dul a chodladh:
1. Ó a Dhia creidim go gcaithfidh mé bás a fháil,
Níl a fhios agam cén t-am, cén uair, cén áit nó caidé’n dóigh,
Ó a Dhia má fhaighim bás le peaca marfach, beidh mé caillte choíche,
A chroí Íosa, déan trócaire orm.
2. A Mháistir Nazareth, Íosa, Rí na nIúdach, sábháil mé ar bhás tobann agus gan mé réidh fá na choinne.
3. “An codladh é seo a mháthair?”
“Chan ea a mhic ach aisling”
“Cén aisling é a mháthair?”
“Aisling go bhfuil tusa le do spíonadh, le do spóladh,
Le do chéasadh, le do strócadh,
Le do cheangail leis na cúig rópa chaola, chráife ar bharr na mbeanna arda iúdaí thall,
Coróin spíne fá do cheann,
Sleamh dóláis fríd do chroí,
Do chuid fola ag éirí in airde agus ag titim go trom,
Ar leacacha na sráide”.
Níl éinne, fir nó mná a deireann an urnaí seo trí huaire achan lá,
Ní dúil do leacacha ifrinn a fheiceáil anois nó go brách,
Nó tré shaol na saol.
Amen.
4.A Mhaighdean Mhuire, is gile nó an ghrian,
A Mháthair Dé gan smál,
Coinneal Mhuire agus Flaitheas Dé,
Go lasa os cionn m’anam ar uair mo bháis ’s ar mo chrua chás.
Amen
5. Tháinig Íosa go bun na croise agus tháinig crith air,
D’fhiafraigh na hIúdaigh do, an fiabhras atá ort nó fiabhras creathach,
Ní fiabhras atá orm nó fiabhras creathach,
Ach is beannaithe an té a deirtheas mo chuid focail,
’S a choinneos i gcuimhne iad.
Ní bheidh fiabhras nó fiabhras creathach air anois ná go brách,
Ná tré shaol na saol.
Amen
Sin urnaí in éadan aicíde.
An Phaidir Gheal
6. Luímse le Dia agus luíonn Dia liom,
Éírímse le Dia agus éiríonn Dia liom,
Dhá lá Dé go raibh liom,
Bratóg Bhríde fá mo cheann.
Sciath Mhíchíl fá mo bhroinn
Agus Mac Dé le mo choiméad go maidin.
7. 4 coirnéil ar mo leaba, 4 aingil go raibh ansin,
Dia go raibh amuigh fa dtaobh den teach, Dia go raibh istigh fá dtaobh den teach.
Dia agus Críost fá dtaobh den leaba agus an teach a mbeidh mé ann go maidin.
A Mhaighdean Mhuire, má thagann a dhath orm agus mé i mo chodladh, tar agus muscail mé.
Na 4 aingil is sine agus is óige sna flaithis, iad a gharda ar m’anam ar uair mo bháis, i mo chrua chás.
Amen.
8.A Mhaighdean Bheannaithe, le do Leanbh Íosa,
Tabhair do bheannacht dúinn uilig inniu.
Amen.
An Memorare (i ndiaidh na pháidrín go minic)
Cuimhnigh a Óigh róchráifeach (Mhuire)
Nár cluineadh ariamh ó thús an domhain (tsaoil),
Nár fágadh gan toradh aon nath a bhí ag iarraidh (dár iarr) do choimirce,
Ag impigh do chumhachta, ag tóraíocht idirghuí,
Ar an ábhar sin, lán de mhuinín anseo a Mháthair,
Impím ort Ór na nÓr,
Tigim in do láthair ag osnaigh agus ag urnaí i mo pheacach chráite.
A ????? mháthair Mhic Dé, mar a bhí ar a ??????,
Éist leo, tabhair cluas daofa go trócaireach.
Amen
Fad: 00:07:19 Éist